Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe  - Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2019

8/4/2019

 
Picture
Bíonn caora dhubh ar an tréad is gile
Siúlóid: Suí Finn, Suí Fionnagáin, An Charraig, An Suíochán
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad 12 km  Dreapadh 600 m
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós beag ag geata Champa Míleata Chill Bhríde. (Tagairt eangaí - O 064 178, nó N53.2005, W6.4080). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí:     Breandán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn tríd an bosca "Comments" thíos ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath -
Rogha 1: Gabh an N81 go dtí an Briotás, ar chlé ansin ar an R114 i dtreo Bhearna Bhuaile na Scornaí (Ballinascorney Gap). Tar éis 5 km ag Stone Cross cas ar dheis ar an mionbhóthar chuig tús na siúlóide tar éis 5 km,
        nó
Rogha 2: Gabh an R114 díreach ó Ráth Fearnáin (i.e Bóthar Bhóthar na Brúine) chomh fada leis an mionbhóthar ag Stone Cross idir Bearna Bhuaile na Scornaí agus Sliabh na mBánóg. Cas ar chlé ar an mionbhóthar seo chuig tús na siúlóide tar éis 5 km.
Nó lean an NASC seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Eva Dockery
27/4/2019 07:49:48 pm

Bheidh mé ann maidin amárach ag 10.30 ach ní bheidh mo ghluaisteán liomsa.


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly