Siúlóid: Suí Finn, Suí Fionnagáin, An Charraig, An Suíochán
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 - 5 huaire ag siúl.
Fad 12 km, Dreapadh 600 m
Áit chruinnithe: 9:15 r.n. i Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide 10:30 r.n. ag Carrchlós beag ag geata Champa Míleata Chill Bhríde. (Tagairt eangaí - O 064 178, nó N53.2005, W6.4080).
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Críochnóimid idir 3.00 agus 3:30 i.n.
Treoraí: Emer McLoughlin
Uimhir Theagmhála: 086 195 9689
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn nó le hEmer
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Rogha 1: Gabh an N81 go dtí an Briotás, ar chlé ansin ar an R114 i dtreo Bhearna Bhuaile na Scornaí (Ballinascorney Gap). Tar éis 5 km ag Stone Cross cas ar dheis ar an mionbhóthar chuig tús na siúlóide tar éis 5 km,
nó
Rogha 2: Gabh an R114 díreach ó Ráth Fearnáin (i.e. Bóthar Bhóthar na Brúine) chomh fada leis an mionbhóthar ag Stone Cross idir Bearna Bhuaile na Scornaí agus Sliabh na mBánóg. Cas ar chlé ar an mionbhóthar sin chuig tús na siúlóide tar éis 5 km.
Nó lean an NASC seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html