Fad: 16 km, Dreapadh: 650 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: 10:45 sa charrchlós ag Tigh an Tearmainn (Trooperstown Forest Recreation Area).
Tagairt Eangaí: T 159 969 nó N53.0110 W6.2743).
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn
Treoraí: Seán
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn.
Tá eolas faoi Chlocha na nGarsún ar fáil anseo - The Gossan Stones
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí An Tóchar agus Áth na mBó. Cas ar clé 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) ag Trooperstown Wood Lodge. Tá an carrchlós 450 m síos an bóthairín sin ar chlé. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html