------------------------------
Siúlóid mheánach: An Láithreach, Slí Chualann, Doire Bhán
Fad: 12 km, Dreapadh: 500 m
Mairfidh an tsiúlóid 4 – 4.5 huaire an chloig
Treoraí: Daithí
-----------------
Siúlóid éasca: An Láithreach, Bóthar Glas, Poll an Easa, taobh an Doire Bháin, bóthar foraoise ar ais.
Fad: 8 km, Dreapadh: 200 m
Mairfidh an tsiúlóid 3 huaire an chloig
Treoraí: Rose
------------
Tús na siúlóide: Carrchlós ag páirc imeartha an CLG sa Láithreach. (Tagairt eangaí – T 142 960 nó N53.0025, W6.2998). 600 m ó dheas ón Láithreach.
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 3.30 agus 4:00 i.n.
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar chlé ag an Láithreach agus tar éis 600 m cas ar dheis ag an gcomhartha do na Muilte Olla (Woollen Mills). Tá an carrchlós ar thaobh clé an an mbóthar sin.
Nó lean an lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
-------
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Nóta: Ní mór dúinn cloí le treoirlínte COVID-19 chun fanacht sábháilte