Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe  - Dé Sathairn, 26 Eanáir 2019

20/1/2019

 
Picture
Nóta Tábhachtach – Beidh an tsiúlóid seo ar siúl ar an Satharn

Is glas iad na cnoic i bhfad uainn
 
Siúlóid: Sliabh na gCloch, Sléibhte Chuaille, Contae Lú
 
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km  Dreapadh : 500 m
 
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  Teach Tábhairne Fitzpatrick’s, ar an R173, Contae Lú,
(tagairt eangaí - O 119 080 ar léarscáil 36 nó N54.0085, W6.2939).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Treoraí: Emer 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath : - Lean an M1 go dtí bealach amach 18. Tiomáin 6 km ar an R173 i dtreo Chairlinne. Tá Fitzpatrick’s ar chlé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go tús na siúlóide.
 
Beidh deoch againn le chéile i Fitzpatrick’s tar éis na siúlóide.
 
Aimsir: Chun tuar na haimsire a fhiosrú roimh an tsiúlóid lean an nasc seo do YR.NO.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html.

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly