Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 26 Márta 2023 - Scor

26/2/2023

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: An Seandroichead (Oldbridge), Scor, Ceann Toirc (Kanturk), An Seandroichead
Fad: 10 km, Dreapadh: 400 m, 3.5 huaire an chloig ag siúl
 
Tús na siúlóide: 10:45 ag carrchlós An Seandroichead (os comhair Ionad na nGasóg Loch Deán (Lough Dan Scout Centre ). Tagairt Eangaí: O 156 024 nó N53.0600 W6.2765).

NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn
Treoraí: Eibhlín
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn. 

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 14km cas ar dheis ar L1059 (i lár bhaile An Tóchair). I ndiaidh 1.7 km, gabh beagán ar dheis ar L1060. Lean an bóthar ar feadh 2.1 km go dtí An Seandroichead (Oldbridge) agus ansin cas ar dheis. Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 0.5 km ar an taobh clé.

Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
​
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas

Picture

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly