Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Féilire
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2020
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 26 Eanáir 2020

20/1/2020

 
Picture
Nóta: BEIDH AN tSIÚLÓID SEO AG TOSÚ AG 10:45 r.n., níos luaithe ná mar is gnáth.

Siúlóid: An Chéim, Barr na Coille, Sliabh Rua.
Siúlóid mheánach/measartha éasca: 3.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 8 km  Dreapadh: 500 m

Tús na siúlóide: An Chéim (Stepaside) in aice shéipéal Chill Ghobáin (T 190 242 nó N53.0106, W6.3026.)
Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n.
NB – Tosóimid níos luaithe ná mar is gnáth.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 3:30 agus 4:00 i.n.
 
Treoraí: Tadhg 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú, ma bhíonn aon ghá leis sin.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Má bhíonn tú ag teacht ón gcathair ar Bhóthar Áth na Sceire (R117) beidh séipéal Chill Ghobáin ar an taobh clé díreach roimh An Chéim.
Nó is féidir Bus 44 (ó DCU, trí lár na cathrach agus Dún Droma) nó Bus 47 (ó Shráid an Phoill Bhig) a thógaint go Stad 3473 i lár shráidbhaile na Céime. Tá séipéal Chill Ghobáin 500 m ón stad sin.
Seo nasc do na busanna sin  - Bus 44, Bus 47.

Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.
    Is féidir é a dhéanamh ar líne

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Grianghraif 2018
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly