Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 25 Lúnasa 2019

25/8/2019

 
Picture
Siúlóid: Ó Cualann agus Giolaspar (Great Sugarloaf & Little Sugarloaf)
Cur síos: Siúlóid éasca/mheánach, ach fada go leor. (5 huaire an chloig ag siúl). Dá bharr sin tosóimid rud beag níos luaithe, ag 11:15 i.n.
Fad: 13 km   Dreapadh: 700 m
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL  http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html  Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Páirc Fitzsimon Chumann Lúthchleas Gael, 700 méadar ó dheas ó Chill Mocheanóg ar Bhóthar na Coille (Quill Rd). (Tagairt eangaí : O 244 141 nó N53.1632, W6.1412).
NB Tosóimid ag siúl ag 11:15 r.n.
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :- Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg. Ag an timpeallán i gCill Mocheanóg téigh i dtreo an R755. Roimh an dara timpeallán cas ar chlé agus téigh díreach ar aghaidh ar an mbóthar beag. Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 700 m ar dheis.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly