Siúlóid sléíbhe mheánach: Cluain (Gleann Crí), An tSeanbhuaile, Sliabh Ghleann Dubh, Cnoc na gCon, Prince William's Seat, Slí Chualann Nua
Fad: 13 - 14 km, Dreapadh: 560 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl
------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála in ag Cluain i nGleann Crí, ar an mbóthar idir Áth na Sceire agus Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí, Tagairt eangaí O 174 170 nó N53.1904, W6.2439)
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré.
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téígh go dtí Áth na Sceire. In Áth na Sceire gabh an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Sroichfidh tú carrchlós Chluana (Cloon Wood and Oak Glen Car Park) ar an taobh clé tar éis 9 km (1 km tar éis charrchlós Bhaile Mhic Thorcail).
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
-------
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas