Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 25 Meán Fómhair 2022 - Log na Coille

20/9/2022

 
Picture
Siúlóid: Áth an Bharra Mhóir, Sliabh Cheann Abha, Log na Coille, Clocharnach, Loch Airt
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad - 13 km, Dreapadh  - 800 m


Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.(http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Nó
Tús na siúlóide:  Ionad páirceála ag Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford) i nGleann Molúra. (tagairt eangaí - T 066 941 nó N52.9880, W6.4133).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn


Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath :-  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra (ag an óstán) cas ar dheis arís agus tiomáin 4 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ag deireadh an bhóthair ag Áth an Bharra Mhóir – Baravore Ford. 
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.


​TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly