Siúlóid Mheánach: Gleann na Smól, An Charraig, An Suíochán, An Baile Mór
Fad: 13 km, Dreapadh: 600 m, 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Treoraí: Seán
--------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: 10:15 ag carrchlós príobháideach ag barr Thaiscumar Bhóthar na Bruíne, (Tagairt Eangaí: O 10480 20706 nó N53.2255, W6.3465)
NB – Tosóimid ag siúl ag 10:30 r.n. go cruinn
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó chathair Bhaile Átha Cliath :- Gabh 6 km ar an R114 (Ascaill Ghort an Ime - Butterfield Avenue ó Chaisleán Ráth Fearnáin) go Teach na Giúise (Firhouse) agus An Seanbhábhún (Old Bawn) agus lean díreach ar aghaidh. 550 m tar éis an Old Mill Tavern sa Seanbhábhún cas ar chlé ar Bhóthar Bhóthar na Bruíne. Lean an bóthar sin isteach sa Ghleann agus cas ar dheis tar éis 6 km. Sroichfidh tú an carrchlós ar thaobh na láimhe clé tar éis 500 m eile.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
Tá uimhir ghutháin ag an gcarrchlós – 086 882 8415, agus costas €5 in airgead tirim ar an bpáirceáil.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas