Siúlóid: Gleann Crí, Loch Bré Uachtair agus Íochtair
Cur síos: Siúlóid mheánach/measartha éasca, 3.5 - 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 10 km Dreapadh: 300 m
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide: Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí (tagairt eangaí - O 141 179 nó N53.1999, W6.2938).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Treoraí: Tadhg
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Gabh an R117 go hÁth na Sceire. Cas ar dheis sa sráidbhaile agus lean an L1011 9.6 km go dtí an tIonad Athmhuintearais.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go tús na siúlóide.
Aimsir: Chun tuar na haimsire a fhiosrú roimh an tsiúlóid lean an nasc seo do YR.NO.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html.