Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóidí Sléibhe - Dé Domhnaigh, 24 Deireadh Fómhair 2021 - Log na Coille

9/10/2021

 
Picture
Nóta: TOSÓIDH NA tSIÚLÓIDÍ SEO AG 11:00 r.n.

Beidh 2 shiúlóid againn  ón áit chéanna
--  Siúlóid mheánach  --  Droim Goth (Drum Goff), Ceathrú Istigh (Carrawaystick), Carraig na Sliogán, Log na Coille
Fad: 15.5 km, Dreapadh: 680 m
Treoraí: Seán 

--  ​Siúlóid éasca  --   Droim Goth, Loch Uí Cheallaigh agus ar ais
Fad: 10 km, Dreapadh: 400 m
Treoraí: Rose
-------------
Tús na siúlóidí: Ionad páirceála ag Limistéar Áineasa Foraoise Dhroim Ghoth – Drum Goff Forest Recreation Area. (Tagairt eangaí - T 094 889 nó N52.9402, W6.3738).
Seo nasc ar  GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn .

Treoracha go dtí tús na siúlóide ó Bhaile Átha Cliath :- Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra (ag an óstán) lean díreach ar aghaidh agus tiomáin 3.0 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ar thaobh na láimhe deise.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.  
http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

 
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly