Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 24 Aibreán 2022 - An Láithreach

18/4/2022

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 11:00 r.n.

Siúlóid mheánach: An Láithreach, Slí Chualann, an Doire Bán
Fad: 12 km  Dreapadh: 500 m
Mairfidh an tsiúlóid 4 – 4.5 huaire an chloig
Treoraí: Daithí
------------
Áit chruinnithe: 9:15 r.n. i Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.  (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag páirc imeartha an CLG sa Láithreach. (Tagairt eangaí – T 142 960  nó N53.0025, W6.2998). 600 m ó dheas ón Láithreach.
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 3.30 agus 4:00 i.n.

Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn 

Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar chlé ag an Láithreach agus tar éis 600 m cas ar dheis ag an gcomhartha do na Muilte Olla (Woollen Mills). Tá an carrchlós ar  thaobh clé an an mbóthar sin.
Nó lean an lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
-------
​
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html




Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly