Siúlóid: An Leacain, Slí an Aifrinn, An Tuama, Cnoc an tSamhaidh, Bearna Bhuaile an Ultaigh, Cnoc Dubh
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 13 km Dreapadh: 600 m
Beimid ar ais ag na gluaisteáin idir 3:30 agus 4:00 i.n.
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn - www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála os comhair Theach an Phobail in aice an Lacken Inn (Teach tábhairne Zeller). Tagairt eangaí – T 013 107 nó N53.1394, W6.4898)
Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n.
NB – Tosóimid níos luaithe ná mar is gnáth.
Treoraí: Nóirín
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N81 go Baile Coimín. I lár an bhaile cas ar chlé agus lean na comharthaí 6 km go dtí An Leacain. Tá an t-ionad páirceála ag an teach tábhairne agus ag an séipéal ar thaobh na láimhe deise gar do shráidbhaile Na Leacan. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html