Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad 12 km Dreapadh 600 m
Tús na siúlóide: 11:00 r.n. ag an garrchlós beag ag geata Champa Míleata Chill Bhríde.
(Tagairt eangaí - O 064 178, nó N53.2005, W6.4080).
Treoraí: Seán
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath -
Rogha 1: Gabh an N81 go dtí an Briotás, ar chlé ansin ar an R114 i dtreo Bhearna Bhuaile na Scornaí (Ballinascorney Gap). Tar éis 5 km ag Stone Cross cas ar dheis ar an mionbhóthar chuig tús na siúlóide tar éis 5 km,
nó
Rogha 2: Gabh an R114 díreach ó Ráth Fearnáin (i.e. Bóthar Bhóthar na Brúine) chomh fada leis an mionbhóthar ag Stone Cross idir Bearna Bhuaile na Scornaí agus Sliabh na mBánóg. Cas ar chlé ar an mionbhóthar seo chuig tús na siúlóide tar éis 5 km.
Nó lean an NASC seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
Nóta: Ní mór dúinn cloí le treoirlínte COVID-19 chun fanacht sábháilte