COVID-19
Siúlóid: Coill Bhaile Mhic Thorcail, Gleann Cuilinn, Cnoc na gCon, Cloch na gCon, An Gleann Dubh
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide 16 km, Dreapadh 600 m
Áit chruinnithe: Do na daoine nach bhfuil an bealach go dtí tús na siúlóide ar eolas acu - Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL.
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Shlí Chualann ag Coill Bhaile Mhic Thorcail (Curtlestown Wood). Tagairt eangaí - O 185 169 nó N53.1886, W6.2279.
Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n.
NB – Tosóimid níos luaithe ná mar is gnáth.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :- Gabh an R117 go dtí Áth na Sceire. Cas fó dheis ar an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Gabh 4.6 km go dtí an carrchlós (Baile Mhic Thorcail - Curtlestown) ar thaobh na láimhe deise.
Nó ón Sean Bhóthar Míleata R115 cas ar clé i dtreo Ghleann Crí ar an L1011. Tá an carrchlós 5.5 km ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
COVID-19
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus Feisteas