Siúlóid mheánach: Fad 12 km, dreapadh 500 m
4 – 4.5 huaire an chloig
------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Dhioghsa (An Loch) (Tagairt eangaí – O 210 109 nó N53.1354, W6.1922)
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 3.30 agus 4:00 i.n.
Treoraí: Deaglán Ó Neill
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn nó le Deaglán.
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ar dheis ansin ar an R755 agus an R760 ar feadh 4 km. Ansin ar chlé ar Long Hill Road agus sroichfidh tú an carrchlós ar dheis tar éis 4 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html