Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 20 Samhain 2022 - Sléibhte Chuaille

22/10/2022

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
Siúlóid Mheánach: Sléibhte Chuaille - The Lumpers, Carn Clermont, Carn an Mhadaidh
Fad - 16 km, Dreapadh  - 700 m, 
4 huaire ag siúl.


Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:00 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide:  Ionad páirceála ag teach tábhairne The Lumpers,  Baile Mhic Eileoid (Ballymakellett), Gleann na bhFiach (Ravensdale), Co. Lú. Eircode A91 FN2W.   (Tagairt eangaí - J 100 108 nó N54.0347, W6.3218).
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.


Treoraí: Máire (le cabhair ó Sheán)
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn.


Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath :- 
Lean an M1 go dtí bealach amach 18. Ansin tiomáin 3 km ar an R173 i dtreo Chairlinne. Cas ar chlé ar an R174 tar éis Óstán Ballymascanlon i dtreo Ravensdale. Tar éis 2.5 km, ag deireadh an bhóthair sin, cas ar dheis ag an T-acomhal. Sroichfidh tú The Lumpers ar thaobh na láimhe deise tar éis 1 km.
Nó lean an  nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Caithfear íoc as an gcarrchlós laistiar de The Lumpers (5 Euro in aghaidh an lae), ach ar thaobh eile an bhóthair tá lána leathan isteach i bpáirc imeartha an CLG ar féidir páirceáil air saor in aisce.


TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html




Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly