Siúlóid: Ceann Bhré, Giolaspar, Eastát Belmont agus ar ais go Bré
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Tús na siúlóide: Tús Chosán an Chósta (Coastal Path Trail Head) ag deireadh na Promanáide i mBré. (Tagairt eangaí – N53.196, W6.09161).
Is féidir an carrchlós ag Ceann Bhré a úsáid.
Tiocfaimid le chéile ag 10:30 r.n.
Treoraí: Daithí
Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Dart nó bus go Bré agus siúl go deireadh na Promanáide. Nó páirceáil ag deireadh na Promanáide nó sa charrchlós ag Páirc Raithín (lean na comharthaí go Slí de Buitléir).
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Nóta: Ní mór dúinn cloí le treoirlínte COVID-19 chun fanacht sábháilte