Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe  - Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh 2019

29/5/2019

 
Picture
​Siúlóid: Jack the Rags, Mullaigh Mhór, Slí Chualann Nua (cosán ciúin foraoise), Sliabh na Cuileanntraí, Sliabh Dhoire Bhán.
Cur Síos: Siúlóid mheánach, 4.5 - 5  huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide 13 km, Dreapadh 500 m
 
Áit chruinnithe: Beidh MiniMaratón na mBan ar siúl agus Sráid Mhic Liam dúnta.
Mar sin tiocfaimid le chéile i Sráid na bhFíníní - Fenian Street in aice le Óstán Alex le bheith réidh chun imeacht ag 10:30 r.n.
Bíonn páirceáil saor in aisce ar an tsráid ar an Domhnach
.

Seo NASC ar GoogleMaps do Sráid na bhFíníní.
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag tús an Bhóthair Mhíleata i dtreo Ghleann Molúra.  Tagairt eangaí – T 140 955 nó N52.9969, W6.3024.
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Treoraí: Daithí
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, tá casadh ar dheis i dtreo Ghleann Molúra. Díreach ag an ngabhal sin, tá leataobh (lay-by) a úsáidfimid mar charrchlós.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.


​Meabhrúchán

Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly