Siúlóid Sléibhe Mheánach: Droim Goth (Drumgoff), Slí Cualann Nua, Mullach, Fán an Iarainn, Slí Cualann Nua, Droim Goth.
Fad: 17 km, Dreapadh: 700 m , 5.5 huaire an chloig ag siúl
(Nóta: Beidh rogha ag daoine dul suas Cruachán Mhaigh Rath – 1.8km, 120m, 40 nóiméad sa bhreis)
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL.
(http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.00 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: 10:45 ag ionad páirceála Lóiste Ghleann Molúra (Glenmalure Lodge) -
Tagairt Eangaí: T 107 908 nó N52.9569 W6.3535).
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn
Treoraithe: Breandán/Eibhlín
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go Cill
Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an
timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755.
Tar éis 23km cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km cas ar chlé. Tá an t-ionad páirceála ar an taobh clé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-
agus-feisteas.html