Cur síos: Siúlóid mheánach – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km
Dreapadh 450 m
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Séipéal Naomh Caoimhín, An Láithreach (tagairt eangaí - T 140 968 nó N53.0106, W6.3024)
Treoraí: Daithí
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath - Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Sa Láithreach, cas ar dheis i dtreo Ghleann Dá Loch. Tar éis cúpla céad méadar, os comhair bhialann Wicklow Heather, cas ar dheis arís agus téigh go dtí deireadh an bhóthair sin. Tá carrchlós beag suite ag Séipéal Naomh Caoimhín.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.