Cur síos: Siúlóid mheánach (4.0 - 4.5 huaire an chloig ag siúl).
Fad na siúlóide - 15 km, Dreapadh – 650 m
Tús na siúlóide: Droichead Bhaile na Gaoithe (Ballinagee Bridge) - tagairt eangaí : O 037 023 (nó N53.062, W6.454).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an N81 trí Bhaile Coimín (Blessington). 9 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ar an R756 trí Chillín Chaoimhín (Hollywood). Sroichfidh tú Baile na Gaoithe, agus an droichead tar éis 11 km.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html