Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 17 Samhain 2019

8/11/2019

 
Picture
Nóta: BEIDH AN tSIÚLÓID SEO AG TOSÚ AG 10:45, níos luaithe ná mar is gnáth.

Siúlóid: Droichead Áth na Leice, Carraig na gCoinín, Mullach Cliabháin
Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 15 km, Dreapadh 600 m.
​
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
Tús na siúlóide:  Droichead Áth na Leice (tagairt eangaí - O 055 019 nó N53.0572, W6.4262).

Tosóimid ag siúl ag  10:45 r.n.
NB – Tosóimid uair an chloig níos luaithe.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 3:30 agus 4:00 i.n.

Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath. Téigh ar an N81 go Baile Coimín agus lean díreach ar aghaidh. Tar éis 8 km cas ar chlé ar an R756 i dtreo Chillín Chaoimhín (Hollywood). Tá an carrchlós ar an taobh clé 13 km tar éis Chillín Chaoimhín - Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly