Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 16 Nollaig 2018

10/12/2018

 
Castar na daoine ar a chéile, ach ní chastar na cnoic
Picture
Siúlóid: An Chraobhach (Cruagh) , Coill an Chaoich (Killakee), Club Thine Ifrinn (Hell Fire Club), Coill Massy
 
Cur síos:
Rogha 1: Siúlóid Mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad:  13 km,    Dreapadh:   500 m
 
Rogha 2: Siúlóid measartha Éasca / Mheánach, 3 huaire an chloig ag siúl.
Fad:  11 km,    Dreapadh:  400 m
 

Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill na Craobhaí : O 127 226 nó N53.2420, W6.3132
NB Tosóimid ag siúl ag 11:15 r.n.
Toisc tús na siúlóide bheith cóngarach don chathair, tosóimid ag siúl 30 nóiméad níos luaithe ná mar is gnách. Tabhairfidh sé sin deis dúinn tairbhe a bhaint as an tráthnóna gearr.
 

Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Cas ar dheis ar an R115 ag an teach tábhairne Yellow House i Ráth Fearnáin. Tar éis 6.5 km ag an T-acomhal, cas ar dheis ar Bhóthar na Craobhaí. Sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 1 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. 

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly