Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe  - Dé Domhnaigh, 16 Meitheamh 2019

9/6/2019

 
Picture
Cam an Doire, Gleann dá Loch, An Bhrocach
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 15 km       Dreapadh: 700 m
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL.
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. www.cnocadoiri.com/treoracha.html 
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag na seanmhianaigh idir Bearna Chill Mhantáin agus an Láithreach. (Tagairt eangaí - O 100 982, nó 53.0235N , 6.3620W).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag dul ó Bhaile Átha Cliath - Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Láithreach, agus an R756 go Gleann Dá Loch. Ag Ionad na gCuairteoirí cas ar dheis, i treo Bhearna Chill Mhantáin, agus tiomáin 3 km go dtí an carrchlós ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.htm

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly