Siúlóid: Tigh Bródáin agus Sléibhte Bhaile Átha Cliath
Cur síos: Siúlóid mheánach / measartha éasca,
3 - 3.5 huaire an chloig ag siúl.
Dreapadh : 300 m. Fad na siúlóide: 12 km.
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Thigh Bródáin - ait a bhfuil Zipit Forest Adventures ann (tagairt eangaí O 139 227 nó N53.2428, W6.2948)
Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n.
NB – Tosóimid níos luaithe toisc tús na siúlóide bheith cóngarach don chathair.
Críochnóimid idir 3:00 agus 3:30 i.n.
Treoraí: Deasún
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmhail linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Cas ar dheis ar an R115 (Bóthar Shruthán Liam – Willbrook Road) ag an teach tábhairne The Yellow House i Ráth Fearnáin. Tar éis 6.5 km ag an T-acomhal, cas ar chlé ar Bhóthar na Craobhaí. Beidh an carrchlós ar an taobh clé tar éis cúpla céad méadar.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
I ndiaidh na siúlóide rachaimid go dtí The Merry Ploughboy
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html