Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe  - Dé Domhnaigh, 14 Iúil 2019

10/7/2019

 
Picture
Siúlóid: Áth na Sceire (Enniskerry) go dtí An Chéim (Stepaside), trí Ghleann Cuilinn.
Cur síos: Siúlóid measartha éasca, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 14 km   Dreapadh: 600 m
 
Tiocfaimid le chéile ag tús na siúlóide: Poppies Caifé in Áth na Sceire
Tosóimid ag siúl ag 11:15 r.n.
 
Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmhail linn chun tuilleadh eolais a fháil.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tógfaimid bus 44 go hÁth na Sceire a imíonn ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) ag 9:30 r.n. Téann an bus sin trí Dhroim Conrach, Lár na Cathrach agus trí Dhún Droma agus An Chéim. Sroichfidh sé Áth na Sceire ag 11:00 r.n.
Tar éis na siúlóide: Is féidir dul ar bhus 44 ar ais don chathair, nó go dtí Áth na Sceire má fhágfar gluaisteán ann
 
Seo nasc do Poppies ar GoogleMaps
Seo nasc don 44 ar shuíomh Bhus Átha Cliath.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly