4.5 huaire an chloig ag siúl
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála, 2.6 km ó dheas ó Bhearna Bhealach Sailearnáin (Sally Gap). Tagairt eangaí O 138 088 nó N53.1176 W6.3016.
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Dáithí
Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré.
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Ón Yellow House i Ráth Fearnáin gabh an R115 (Willbrook Road) agus lean é 24 km, thar bharr Ghleann Crí agus trí Bhearna Bhealach Sailearnáin (Sally Gap) i dtreo An Láithrigh/Ghleann Dá Loch. Sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh deas 2.6 km tar éis Bhearna Bhealach Sailearnáin.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
-------
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas