Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 13 Márta 2022 - Dún Ard

1/3/2022

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 11:00 r.n.
Siúlóid mheánach:  An Currach, Coire Breac, An Leamhaigh Bhán (Lobawn)
Fad: 14 km, Dreapadh: 600 m
Mairfidh an tsiúlóid 4 – 4.5  huaire an chloig
 
Tá na srianta Covid-19 nach mór scaoilte anois. Mar sin, beidh comh-úsáid carranna i gceist arís agus beidh áit chruinnithe againn i lár na cathrach.
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.  (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag An Corragh i nGleann Abhainn Rí – King’s River. (Tagairt eangaí – N 977 011  nó N53.0521, W6.5443).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 3.30 agus 4:00 i.n.
 
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: - Gabh an N81 go dtí Baile Coimín agus cas fó chlé ag Cillín Chaoimhín. Lean an R756 agus 3 km tar éis Chillín Chaoimhín cas fó dheis ar bhóthar beag (ag N 970 036 - N53.074568, W6.553781). Sroichfidh tú an carrchlós tar éis 3 km ar an taobh deas i lár na coille.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
-------
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly