Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 12 Feabhra 2023 - Sliabh Dónairt

1/2/2023

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 11:00 r.n.
Siúlóid Mheánach: An Caisleán Nua, Sliabh Dónairt, Contae an Dúin
Fad: 12 km , Dreapadh: 850 m  5-5.5 huaire an chloig ag siúl
 
Tús na siúlóide: 10:45 ag carrchlós Dónairt, An Caisleán Nua, (Tagairt Eangaí: J 375 308 nó N54.2077 W5.8934).
NB – Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn

Treoraí: Breandán
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn nó le Breandán.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó chathair Bhaile Átha Cliath:
- Lean an M1 agus gabh an A1 i dtreo Iúr Chinn Trá (nó an Iúir)
- Gabh an chéad bhealach amach (gabhal A25 Newry  - Downpatrick) ag an timpeallán
- Lean Bóthar Bhéal Feirste ar feadh 1.1km, ansin cas ar dheis ar Bhóthar Turmore (A25).
- Tar éis 2.6km, cas ar chlé ag an T-acomhal agus lean an A25 ar feadh 20km go dtí Coill Chua (Kilcoo).
- I lár an bhaile, gabh ar bhóthar Tullyree (gabh beagán ar dheis) ar feadh 3.7km.
- Cas ar chlé ar Bhóthar Áth Bhriain (Bryansford Road) nó B180 agus lean é ar feadh 3.2km.
- I lár sráidbhaile Áth Bhriain (Bryansford), gabh ar dheis ar feadh 2.6km eile go dtí an timpeallán (tá tú fós ar Bhóthar Áth Bhriain).
- Gabh an dara bealach amach. I ndiaidh 1km, cas ar chlé ar bhóthar Shimna/A2 agus tar éis 50m gabh ar dheis ar bhóthar Causeway. I ndiaidh 180m eile cas ar dheis ar Central Promenade/A2 agus fan sa lána ar dheis. Tar éis 190m gabh beagán ar dheis i dtreo Bhóthar Áth Bhriain (Bryansford Road) /A2 agus ansin cas ar chlé. Tá an carrchlós díreach os do chomhair.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
 
Tá an carrchlós saor in aisce ach bíonn sé gnóthach.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Picture

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly