Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 11 Nollaig 2021 - Sliabh gCod

1/1/2022

 
Picture
Siúlóid Mheánach: Gleann Chillín Chaoimhín (Hollywood Glen), Sliabh gCod (Church Mountain), Coire Breac
Fad na siúlóide - 14 km, Dreapadh – 620 m, 4.5 uair an chloig ag siúl

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó

Tús na siúlóide: Carrchlós beag i nGleann Chillín Chaoimhín (Hollywood Glen) ag Buaile an Chrainn (Woodenboley) ar an gcúlbhóthar ó Chillín Chaoimhín go Dún Ard. (Tagairt eangaí – N 93179 02003, nó N53.0606, W6.6110)
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N81 trí Bhaile Coimín (Blessington). 10 km tar éis Bhaile Coimín agus 500 m tar éis Siopa agus Garáiste Daly cas ar chlé ag comhartha bóthair go hÁth Gréine ar an L8341. Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 3.5 km ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly