------------------------------
Siúlóid sléíbhe mheánach: An Láithreach, Gleann Dá Loch, Slí Chualann, Sliabh an Doire Bháin
Fad: 17 – 18km, Dreapadh: 600 m, 4.5 – 5 huaire an chloig ag siúl
------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.15 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag páirc imeartha an CLG sa Láithreach. (Tagairt eangaí – T 142 960 nó N53.0025, W6.2998). 600m ó dheas ón Láithreach
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath- Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar chlé ag an Láithreach agus tar éis 600 m cas ar dheis ag an gcomhartha do na Muilte Olla (Woollen Mills). Tá an carrchlós ar thaobh clé an an mbóthar sin.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
-------
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas