Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe  - Dé Domhnaigh, 10 Feabhra 2019

28/1/2019

 
Picture
Dá fhad geimhreadh tagann an samhradh

Siúlóid: Áth na mBó, Slí Chualann Nua, Cnoc Banraí* (Paddock Hill), Tigh an Tearmainn, Caisleán Chaoimhín.
Cur síos: Siúlóid éasca/mheánach, 3.5 / 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 13 km,  Dreapadh: 570 m
 
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.  http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide: Áth na mBó - tagairt eangaí : T 171 993 (nó N53.0316, W6.2552) .
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:00 agus 4:30 i.n.
 
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Tá sé sin an-tábhachtach, ná bi fágtha sa chathair gan síob.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: - Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus Áth na mBó.  Cas ar dheis in Áth na mBó os chomhair an tsiopa “Annamoe Antiques” nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide​

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly