Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 16 km, Dreapadh: 650 m
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag an gcrosbhóthar ag An gCnoicín, i nGleann Ó Máil. (Tagairt eangaí - S 981 950 nó N52.9970, W6.5408).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.
Treoraí: Deaglán
Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an N81 go Baile Coimín. 15 km tar éis Bhaile Coimín, cas ar chlé ag an Toll House (teach tábhairne). Téigh díreach trí Dhún Ard i.e. go dtí an “Wicklow Escape” (nó Mountain Ventures Hostel mar a bhí). 2 km tar éis an Wicklow Escape sroichfidh tú an t-ionad páirceála beag ag An gCnoicín ar an taobh clé .
Nó lean nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte