Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 10 Aibreán 2022 - Slí Chaoimhín

4/4/2022

 
Picture
Nóta: Bí ag Ionad na gCuairteoirí, Gleann Dá Loch ag 10:00 r.n.
Siúlóid Measartha Éasca: Beidh an tsiúlóid seo cuíosach fada ach beidh sí nach mór ar fad ar bhóithre coille agus ar chosáin.
Siúlóid: Slí Chaoimhín ón gCuan Mór/Cnoc Rua (Coonmore/Knockrua) go Gleann Dá Loch
Fad: 15.8 km, Dreapadh: 400 m
4.5 huaire an chloig ag siúl.
------------
Áit chruinnithe: Tiocfaimid le chéile ag an leataobh lasmuigh den gheata ag Ionad na gCuairteoirí (Visitor Centre) i nGleann Dá Loch (Tagairt eangaí – T 125 969  nó N53.0112, W6.3234 ). Fágfaimid roinnt gluaisteán sa charrchlós ansin agus tiomáinfimid leis na siúlóirí go léir go dtí tús na siúlóide ag an gCuan Mór – turas 20 km atá i gceist.
Bí ann roimh 10:00 r.n. chun comh-úsáid carranna a eagrú agus le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:45 r.n.
Críochnóimid ag siúl idir 3.30 agus 4:00 i.n. i nGleann Dá Loch, agus úsáidfimid na gluaisteáin fágtha ansin chun tiomáint ar ais go dtí tús na siúlóide.
 
Treoraí: Máire 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait, nó má bhíonn síob uait ón gcathair, téigh i dteagmháil linn
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Ag an Láithreach gabh díreach ar aghaidh agus sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 2 km .
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps.
--------------- ----
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly