Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 1 Nollaig 2019

26/11/2019

 
Picture
Nóta: BEIDH AN tSIÚLÓID SEO AG TOSÚ AG 10:45, níos luaithe ná mar is gnáth.
Siúlóid: Baile na Stuaí (Ballinastoe), Leac chuimhneacháin JB Malone, An Cnoc Bán, Dioghais, Gleann Sruthláin.
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Dreapadh : 600 m.   Fad na siúlóide: 14 km.
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Bhaile na Stuaí (O 194 079 nó 53.1071, -6.2174)
Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n.
NB – Tosóimid uair an chloig níos luaithe.
 
Treoraí:  Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 i dtreo an Tóchair. Tar éis 9.5 km, ag Cumann Gailf Dhioghsa (Djouce Golf Club) cas ar dheis ar an L1236. Tar éis 1.5 km cas ar chlé agus beidh an t-ionad páirceála ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Meabhrúchán
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta
 
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly