Cur síos: Siúlóid measartha éasca (4.0 - 4.5 huaire an chloig ag siúl).
Fad - 12 km, Dreapadh – 550 m
Tús na siúlóide: An carrchlós 200 m tar éis an bhrú ag Cnoc Críche (Knockree Youth Hostel). Tagairt eangaí - O 190 150, (3190 2150) , nó N53.1724, W6.2211
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh go hÁth na Sceire agus cas ar dheis ar an L1011. Gabh 4 km ar an L1011. Cas ar chlé agus lean na comharthaí bóthair go dtí an brú.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html