Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 1 Eanáir 2023 - Doire Bán

18/12/2022

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 11:00 r.n.
Siúlóid chun tús a chur leis an mbliain nua
Siúlóid mheánach: An Láithreach, Slí Chualann, Sliabh an Doire Bháin
Fad: 12 km, Dreapadh: 500 m,  4.5 uair an chloig, agus beidh rogha ag daoine an bealach a ghiorrú.

Treoraí: Deaglán
Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn

Tús na siúlóide: Carrchlós ag páirc imeartha an CLG sa Láithreach. (Tagairt eangaí – T 142 960  nó N53.0025, W6.2998). 600m ó dheas ón Láithreach.

Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath-  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar chlé ag an Láithreach agus tar éis 600 m cas ar dheis ag an gcomhartha do na Muilte Olla (Woollen Mills). Tá an carrchlós ar  thaobh clé an an mbóthar sin.
Nó lean an lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly