Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - 8 Aibreán 2018 - Suí Finn, Gleann na Life

4/4/2018

 
Picture
Suí Finn, Suí Fionnagáin, Cipiúr, Gleann na Life
Cur síos: Siúlóid Mheánach, 4.5 huaire an chloig
Fad : 14 km     Dreapadh : 640 m
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n. 

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Áth Dúin  : O 068 152 no N53.1768, W6.4032
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí : Breandán 
Nóta: Má tá sé aar intinn agat  teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:
Rogha 1: Téigh ar an N81 i dtreo Bhaile Coimín. Cas ar chlé 6 km roimh Bhaile Coimín. Téigh 10 km ar an mbóthar sin go dtí Kippure House. Cas ar chlé ansin agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 1 km.
        nó
Rogha 2: Téigh ar an R114 díreach ó Ráth Fearnáin (i.e Bóthar Bhóthar na Brúine) chomh fada leis an mionbhóthar idir Bearna Bhuaile na Scornaí agus Sliabh na mBánóg  agus ansin cas ar chlé ag Stone Cross go dtí tús na siúlóide tar éis 9 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

​Meabhrúchán
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly