![Picture](/uploads/3/2/2/2/32227005/loch-de-n-1_orig.jpg)
Log an Lá, Cnoc na Clochóige, Loch Deán.
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad 13 km Dreapadh 700 m
Áit chruinnithe:Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Geataí Guinness, ar an mbóthar ón Tóchar go dtí Bearna Bhealach Sailearnáin (tagairt eangaí - O 172 064 nó N53.0957, W6.2510).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
Treoraí : Daithí
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i tdeagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath - tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 i dtreo an Tóchair. 3km roimh an Tóchar (ag cúinne Kennedy’s) cas ar dheis ar an R759, i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (tá comhartha bóthair ag an ngabhal). Lean an R759 ar feadh 4 km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html