Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe -29 Iúil 2018 - Gleann Molúra, Cruachán Maoir

24/7/2018

 
Picture
​Siúlóid: Sliabh Fhán an Iarainn agus Cruachán Maoir (Croaghanmoira) (gar do Ghleann Molúra).

Cur síos: Siúlóid mheánach - 4 / 5 huaire an chloig ag siúl
Dhá rogha:    Fad 18 km agus dreapadh 800 m
nó                  Fad 14 km agus dreapadh 500 m
 
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
www.cnocadoiri.com/treoracha.html.
nó
Tús na siúlóide: An carrchlós trasna an bhóthair ó Lóiste Ghleann Molúra (tagairt eangaí : T 107 908 nó N52.9575, W6.3534). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraithe: Liam agus Nóra 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré, chun síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :-  Gabh an M11 go dtí Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas fó dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra cas fó chlé agus beidh an t-óstán díreach os do chomhair.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide a laghdú - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena
c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly