Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - 28 Eanáir 2018 - Binn Dá Charraig

23/1/2018

 
Picture
Siúlóid: Teach tábhairne The Blue Light, Binn Dá Charraig (Two Rock Mountain) , Binn Trí Charraig (Three Rock Mountain)
 
Cur síos: Siúlóid mheánach , 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.

Fad na siúlóide, 13 km, dreapadh 600 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html ). Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.

nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag an teach tábhairne The Blue Light, Bóthar Bhaile Éamainn Duibh  (Ballyedmonduff Road), Áth an Ghainimh.  Tagairt eangaí - O 181 241 nó  N53.2548, W6.2314. Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 

Treoraí: Déaglán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú. 


Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :- Gabh an R117 go dtí an crosbhóthar i sráidbhaile Áth an Ghainimh agus cas ar dheis ar an R113 (Backglen Road ) go teach tábhairne Lamb Doyle’s agus cas ar chlé ar Woodside Road (Bóthar Cois Coille). Beidh an Blue Light 1.4 km ar aghaidh ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

​

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly