Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - 25 Márta 2018 - Dioghais, Cnoc a'Bhairr

16/3/2018

 
Picture
​Leac chuimhneacháin J B Malone, An Cnoc Bán, Dioghais, Cnoc an Bhairr,  Foinse na Deargaile, Málainn
Cur síos: Siúlóid mheánach – 4.5 huaire an chloig.
Dreapadh : 650 m,   Fad na siúlóide: 15 km
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (www.cnocadoiri.com/treoracha.html.)
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós thoir ó Loch Té ar an mbóthar ón Tóchar go dtí Bearna Bhealach Sailearnáin (O 169 075 nó N53.1054, W6.2550)

Treoraí:
   Seán

Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 i dtreo an Tóchair. 3 km roimh an Tóchar (ag cúinne Kennedy’s) cas ar dheis ar an R759, i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (tá comhartha bóthair ag an ngabhal). Lean an R759 ar feadh 4.5 km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise, 0.5 km tar éis Gheataí Guinness. Má bhíonn an carrchlós sin lán, tá cúpla carrchlós eile cóngarach dó. 
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

​ 
Meabhrúchán
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly