Siúlóid: Barr na Slinneán, an Scailp, Simléar na Mianach Luaidhe, Reilig Ráth Michíl, Bóthar an Choiréil, Carraig Uallacháin.
Siúlóid mheánach/éasca : 4 huaire ag siúl.
Fad na siúlóide 13 km, Dreapadh - 500 m
Áit chruinnithe: Iar-Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag Barr na Slinneán (Barrnaslingan). Tagairt eangaí – O 223 205 nó N53.2205, W6.1706.
Tosóimid ag siúl ag 11:15 r.n.
NB Tosóimid ag siúl 30 nóiméad níos luaithe ná mar is gnách
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 3:30 agus 4:00 i.n.
Treoraí: Liam & Nóra
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an R117 (Bóthar Áth na Sceire) go Cill Tiarnáin. Ag an Kiltiernan Gallery cas fó chlé ar Lána Bharr na Slinneán. Lean an lána sin agus sroichfidh tú an carrchlós ar thaobh na láimhe deise tar éis 1.9 km. Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

Meabhrúchán
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html