Cur síos: Siúlóid mheánach 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad 16 km, Dreapadh 900 m
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn - http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Ghleann Log an Easa (tagairt eangaí - O 113 030 nó N53.0665, W6.3400).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n. Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
Treoraí : Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tá an carrchlós gar do Eas Ghleann Log an Easa (Glenmacnass Waterfall), ar an mBóthar Míleata (R115) idir an Láithreach agus Baile Átha Cliath.
Ag dul ar an M11 ó Bhaile Átha Cliath, imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus téigh ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar dheis sa Láithreach (ag tús an tsráidbhaile) ar an R115. Tá an carrchlós thart ar 7.5 km ón Láithreach, i ndiaidh an easa, ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html