Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe -15 Iúil 2018 - Áth na Leice, Tóin le Gaoith

4/7/2018

 
Picture
Siúlóid: Droichead Áth na Leice, Bearna Mhaoilín, an Cnoc Dubh, Tóin le Gaoith, Bearna Chill Mhantáin, Slí Chaoimhín.
Siúlóid mheánach: 4  huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km
Dreapadh: 600 m
 
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam.
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:  Droichead Áth na Leice (tagairt eangaí - O 055 019 nó N53.0572, W6.4262).
Tosóimid ag siúl ag  11:45 r.n.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Treoraithe: Liam & Nóra 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath. Téigh ar an N81 go Baile Coimín agus lean díreach ar aghaidh. Tar éis 8 km cas ar chlé ar an R756 i dtreo Chillín Chaoimhín (Hollywood). Tá an carrchlós ar an taobh clé 13 km tar éis Chillín Chaoimhín.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly