Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2020
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúl sléibhe trí Ghaeilge.
Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin.
Siúlóidí éasca sa samhraidh.
Turais siúil in Éirinn agus thar lear.
Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
​

Déan teagmháil linn

Siúlóid Sléibhe - 11 Feabhra 2018 - Sliabh Dhoire Bhán

5/2/2018

 
Picture
​Siúlóid: Jack the Rags, Sliabh Dhoire Bhán,  Mullaigh Mhór,  Braigue Mountain, Sliabh na Cuileanntraí.

Siúlóid mheánach, 4.5 -  huaire an chloig
Fad na siúlóide  13 km      Dreapadh  - 500 m
 
Áit chruinnithe: Iar-Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.  www.cnocadoiri.com/treoracha.html 
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag tús an Bhóthair Mhíleata i dtreo Ghleann Molúra.  Tagairt eangaí – T 139 954 nó N52.9969, W6.3024.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:30 agus 5:00 i.n.
 
Treoraí: Daithí 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, tá casadh ar dheis i dtreo Ghleann Molúra. Díreach ag an ngabhal sin, tá leataobh (lay-by) a úsáidfimid mar charrchlós.- Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

Meabhrúchán
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly