Siúlóid mheánach: 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km
Dreapadh: 600 m
Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Clós páirceála in aice le h-Eaglais Naomh Chaoimhín sa Láithreach (T 140 969 nó N53.0106, W6.3026.)
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Treoraí: Daithí
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Ag an Láithreach gabh ar dheis ar an mbóthar beag ag siopa McCoy agus sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 250 m .
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html